Exit

Scéalta ó m’Óige

Scéalta le Nuala Ní Ghallchóir.

Is bailiúchán álainn scéalta é seo a thumann isteach i samhlaíocht shoineanta an pháiste muid ar shlí go bhfeictear an saol arís mar a chonaic nuair a bhí muid óg. Tá an bua sin ag Nuala Ní Ghallchóir, díriú isteach ar na mionsonraí a athlasann na cuimhní agus a thugann siar muid go dtí na móimintí sona sin a raibh an saol saor agus gan bhuaireamh. Cuireann Nuala síos ar a saol ag éirí aníos di i nGaeltacht Thír Chonaill i lár an chéid seo caite agus mar a d’athraigh rudaí dóibh nuair a bhog an teaghlach ó dheas go Ros Comáin. Cuimhní cinn a thugann ar ais muid go laetha geala ár n-óige, atá lán de nathanna saibhre agus atá scríofa i nGaeilge bhinn bhlasta. Is léiriú breá iad na scéalta seo ar an phearsantacht chaoin a bhí ag an údar agus ar an oidhreacht a d’fhág sí againn.

Nuala Ní Ghallchóir:
Ba iar-oide bunscoil í Nuala Ní Ghallchóir as Gaoth Dobhair. Ba iníon í leis an scríbhneoir Muirghein (Pádraig Ó Gallchobhair) a scríobh an leabhar Cáitheadh na dTonn atá athfhoilsithe ag Éabhlóid, 2017.
Tógadh Nuala i nGaoth Dobhair sna 30í. Nuair a rinneadh cigire bunscoil dá hathair, d’aistrigh an teaghlach go Ros Comáin, ar aghaidh ansin go Gaillimh, agus ansin go Baile Átha Cliath, áit ar chaith sí bunús a saoil ina dhiaidh sin. Phillfeadh Nuala go Tír Chonaill gach bliain agus bhí dáimh láidir aici leis an baile agus a dhaoine, rud gcuireann sí síos go paiseanta faoin sa chnuasach scéalta seo.

Clúdach bog

ISBN: 9781916047051

Cuir sa chiseán

Rannógaí: Daoine Fásta, Gearrscéalta

Clúdach Scéalta ó m'Óige
Close
Go top