Leabhar pictiúir do pháistí, bunaithe ar scéal traidisiúnta as Tír Chonaill. Cuireann sé síos ar an bheirt charachtar, Mór agus Muilc, agus na heachtraí a bhíonn acu i ndiaidh dóibh casadh le portán ar an trá. Síleann Mór agus Muilc gur an bás atá sa phortán agus imíonn siad ina rith. Casann siad le cuid mhór carachtair shuimiúla ag teitheadh dóibh agus ritheann siad go léir le heagla ón phortán. Is ramás simplí siamsúil é a thaitníonn go mór le páistí óga. An ceacht a fhoghlaimítear sa scéal nó nár cheart ligean den eagla an bhua a fháil agus nár cheart éisteacht le gach rud a chluin tú.
Is finscéal é seo a bhaineann le traidisiúin na scéalta charnaigh, traidisiúin a théann i bhfad siar, ar nós an scéil Eorpaigh, Henny Penny. Cuireann sé síos ar an histéire a thagann ar ghrúpaí daoine nuair a chreideann siad i scéalta bréagacha agus is dóiche nach rachaidh an scéal sin as dáta am ar bith feasta.
Tá an leabhar maisithe go healaíonta ag an ealaíontóir, Kim Sharkey.
Is ealaíontóir ilmheáin í Kim Sharkey atá ina cónaí ar an Charraig Fhinne i dTír Chonaill. Bíonn sí ag plé le léaráidí agus le criadóireacht agus bíonn sí ag obair ar bheochana chomh maith. In 2018 bhunaigh sí Cupán Cré, ag déanamh cupáin as cré a dtig a úsáid in áit chupáin phlaisteacha. Bíonn Kim ag obair ar thograí éagsúla ealaíona i gceantar Dhún na nGall, mar bhainisteoir agus mar rannpháirtí. Rinne sí céim onórach sna hEalaíona Mhaisiúla, rud a neartaigh a grá do nithe lámhdhéanta.
Clúdach crua.
ISBN: 9780995611993
Cuir sa chiseán