Greannán
Leabhar i stíl chlasaiceach an ghreannáin. Scéalta faoi Mhicí s’Againne agus a chara Cibé Caidé, atá lán spraoi agus greann agus a thaitneoidh le léitheoirí idir 8-12 bliain.
Clúdach crua
Sa ghreannán úrnua seo leantar Micí s’Againne agus a chara Cibé Caidé agus iad ag dul i gceann a gcuid scéimeanna ráscánta ar fud an bhaile. Is iomaí cleas a mbaineann siad triail as ach is minic a fhágtar iad i gcruachás. Le Gaeilge dheas shimplí, tá an leabhar fóirsteanach d’fhoghlaimeoirí agus do pháistí líofa. Tá Micí s’Againne ina charachtar óg spraíúil a thaitneoidh le daoine óga.
Tá an téacs go léir mar chomhrá, a chiallaíonn go bhfuil sé furasta a léamh agus a thuiscint. Tá ábhar cainte ag baint le gach léaráid agus d’fhéadfadh múinteoir an t-ábhar a leathnú amach chun ábhar ranga spéisiúil a chur ar fáil do chiorcal comhrá nó do rang Gaeilge. Agus taobh amuigh den rang bainfidh páistí sult as an leabhar mar go bhfuil sé curtha le chéile go speisialta do pháistí.
Tá 42 scéal sa leabhar le héagsúlacht mhaith ábhair, idir béaloideas, miotaseolaíocht, pisreoga agus an saol comhaimseartha.
Cuirtear an Ghaeilge chun cinn sa leabhar ar bhealach tarraingteach atá taitneamhach agus siamsúil.
ISBN: 9780995611948