John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla

Mór agus Muilc

Leabhar pictiúr do pháistí, maisithe go gleoite ag Kim Sharkey. Scéal béaloidis ó Thír Chonaill atá chomh sean leis an cheo, ach atá chomh fíor inniu agus bhí an chéad lá a dúradh é.

Léaráid de Mhór agus Mhuilc ag casadh le Bearád na FeáLéaráid de Mór agus Muilc

Is scéal traidisiúnta é seo faoi bheirt charachtar, Mór agus Muilc, agus mar a chasann siad le portán ar an trá agus na heachtraí a tharlaíonn dóibh ina dhiaidh sin.
Tá an scéal maisithe go gleoite ag Kim Sharkey.

Meáchan.37 kg
Toisí255 × 230 × 8 mm
ISBN

..Is aoir éadrom é Mór agus Muilc ar an lucht rachmais chomh maith...

Scéal béaloidis ó Ghaoth Dobhair atá sa leabhar seo. Pléann an scéal le téama teibí an bháis agus iarrachtaí éalú uaidh. Tugann Mór agus Muilc na cosa leo ag cur ceisteanna ar charactair éagsúla eile faoin mbás. Tá reacaireacht chiorclach in insint an scéil leis an léitheoir a mhealladh agus chun go rachaidh na ceisteanna móra i bhfeidhm ar an léitheoir ar leibhéil éagsúla. Tá an-tuiscint ann do shuíomh an scéil agus tá an fharraige mar chúlbhrat ag gach eachtra a thiteann amach ó thús deireadh.