le Róise Ní Bhaoill
Tugtar ar thurais muid sna scéalta seo, turais intinne, turais go críocha aduaine, turais go tíortha atá stollta ag an choimhlint agus ag an athrach; ach is turais go croí na daonnachta iad go léir, le daoine atá ag cuartú saol dóchasach úr nó le daoine a bhfuil orthu gníomhú in aghaidh a dtola. I ndomhan a bhfuil mórghluaiseachtaí daonna ag léiriú an éagothromais, feictear an daonnacht ina steillbheatha sna scéalta seo. Inste i nguth tomhaiste deisbhéalach, tá scéalaíocht Rann na Feirste i stíl liteartha chomhaimseartha an lae inniu le sonrú go soiléir sna scéalta seo.
.
ISBN: 978-1-914482-03-8
Tá léirmheas gairid tugtha anseo ar an chnuasach ag Dónall Ó Braonáin in Tuairisc.ie.
Éist anseo le léirmheas ar An Cúinne Dána ar Raidió na Gaeltachta; Tristan Rosenstock ag caint le Celia de Fréine agus Liam Carson.
Éist anseo le léirmheas ar an Club Leabhar; Seán Ó Catháin agus caint le Caitlín Nic Íomhair agus Hannah Rice.