Exit

Go mbeinnse choíche saor

le Máire Dinny Wren

 

Cnuasacht gearrscéalta.

Scéalta faoi mhná láidre a mbíonn orthu streachailt in éadan a ndíchumhachtaithe i saol nach bhfuil i gcónaí ceart ná cóir. Tá uaillmhian na saoirse le feiceáil sna mná atá sna scéalta seo; tallanna dochloíte na beatha a thugann orthu troid ar son a saoirse agus a neamhspleáchais. Foréigean, fealladh, dealús, imirce; tá sin go léir sna scéalta agus gach scéal tiomáinte ag tuiscint ghéar ar an daonnacht agus ar an ghrá atá i gcroílár gach carachtair. Scéalta curtha i láthair i nguth fileata a thugann le fios go bhfuil i gcónaí níos mó ag dul ar aghaidh ná mar a tchítear ar an chéad amharc.

ISBN: 9780956501684

.

Máire Dinny Wren

As Gaoth Dobhair i dTír Chonaill do Mháire Dinny. Tá idir fhilíocht agus scéalta léi foilsithe in irisí mar Comhar, An tUltach, An Gael, Irish Pages, North West Words agus Feasta. Bronnadh duais Fhoras na Gaeilge ag Féile Scríbhneoirí Lios Tuathail ar Mháire i 2010 don ghearrscéal ‘Ag Téarnamh chun Baile’. Bhí léiriú dá scéal ‘Thar an Tairseach’, a craoladh Lá Fhéile Pádraig 2013 ar RTÉ Raidió 1, ar an ghearrliosta don Dráma Raidió is Fearr ag an Prix Europa i mBeirlín i 2013. Bhain ‘Cosmhuintir’ duais sa chomórtas Splancfhicsean a bhí a reáchtáil ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann, IMRAM agus Books Ireland i 2015. Tá ceithre scéal dá cuid sa chnuasacht Go dtí an Lá Bán, a d’fhoilsigh Éabhlóid i 2012. D’fhoilsigh Coiscéim a céad cnuasacht filíochta, Ó Bhile go Bile, i 2011.

Éist anseo le léirmheas faoin leabhar, Cathal Poirtéir agus Mairéad Ní Nuadháin ag labhairt leis an láithreoir Róisín Adams don ClubLeabhar.com.

Rannógaí: Daoine Fásta, Gearrscéalta

Close
Go top