Exit

Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill

Bailiúchán scéalta béaloidis a d’aithris an seanchaí Micí Sheáin Néill as Rann na Feirste, curtha in eagar ag Caitlín Nic Niallais.

Ba scothscéalaí agus seanchaí é Micí Sheáin Néill Ó Baoill a mhair i Rann na Feirste sa chéad seo caite. Thiocfadh scoláirí agus bailitheoirí béaloidis ó gach cearn le héisteacht lena shruth binn cainte ag aithris scéalta a tháinig anuas chuige thar na glúnta. Is éard atá sa leabhar seo ná bailiúchán de na scéalta draíochta a d’inis Micí Sheáin Néill agus nach bhfuil ann ach an aon insint amháin daofa scríofa síos sa bhailiúchán atá i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, curtha in eagar ag Caitlín Nic Niallais. Tá ocht gcinn déag de scéalta draíochta ina n-iomláine anseo, scéalta samhlaíocha a mbíonn daoine ag eitilt tríd an spéir iontu, ina gcastar le fathaigh agus le beithígh neamhshaolta iontu agus ina dtagann laochra ar ais ón bhás. Tá siad scríofa anseo díreach mar a d’inis Micí iad sa dóigh is go mbeidh glúnta eile de léitheoirí agus d’éisteoirí ábalta sult a bhaint as an tsaibhreas atá fite go dlúth iontu.

Clúdach bog

ISBN: 9781916047075

Cuir sa chiseán

Rannógaí: Daoine Fásta

Clúdach Scéalta Draoíochta Mhicí Sheáin Néill
Close
Go top