Exit

Caoilte Caillte sa Mhúsaem

Scéal agus ealaíon le Gemma Nic Conchra

Is buachaill grámhar é Caoilte ach bíonn sé i dtrioblóid ó am go ham mar gheall ar na rudaí a dhéanann sé. Nuair a théann an rang ar thuras scoile go Músaem Stair an Dúlra, bíonn Caoilte fiosrach, mar a bhíonn i gcónaí, agus faigheann sé isteach i dtrioblóid arís. Casann Caoilte le hainmhithe coimhthíocha a chuireann eagla air, ach bíonn siad cairdiúil agus réitíonn gach rud amach go maith sa deireadh.

Is leabhar spraíúil é seo atá lán de shamhlaíocht agus lán le léaráidí gleoite a thaitneoidh go mór le páistí idir 6-9 bliain d’aois. Tá an leabhar deartha i stíl shoineanta pháistiúil, rud a dhéanann éagsúil é ó leabhair eile. Tá go leor le feiceáil sna léaráidí, a tharraingíonn aird na bpáistí agus a spreagann a samhlaíocht. Is scéal deas simplí é Caoilte Caillte sa Mhúsaem agus tá Gaeilge shimplí síos tríd a oireann do dhaoine óga atá ag foghlaim Gaeilge. Tá léaráidí ann atá tarraingteach d’aos óg atá cleachta le hard-chaighdeán agus sofaisticiúlacht.

Gemma Nic Conchra

Tá an t-ealaíontóir Gemma Nic Conchra bunaithe i mBaile Átha Cliath. Tá sí paiseanta faoin ealaín, faoi chultúr agus faoi fhorbairt phobail. I ndiaidh di céim a bhaint amach in Ailtireacht agus Dearadh, chuaigh sí ar aghaidh le staidéar a dhéanamh ar léaráidí agus ealaíon agus baineann sí sult as a bheith ag déanamh ceardlanna le daoine óga. I ndiaidh iarchéim i Socheolaíocht – An Óige agus an Pobal, bhí Gemma i mbun ceardlanna ealaíona san ionad pobail ar Sráid Cuffe. Roimhe sin d’éirigh léi scoláireacht a bhaint amach leis an ealaíontóir Adrienne Geoghegan, áit ar chaith sí bliain faoina stiúir. D’obair sí leis an togra ‘Solas’ i mBaile Átha Cliath agus rinne sí roinnt tionscnaimh ealaíne le Togra Óige Rialto in 2018. D’obair Gemma mar chúntóir leis an ealaíontóir Fiona Whelan ar thionscnamh dar teideal “What does he need?” píosa ealaíona le daoine ó Rialto a thugann a dhúshlán d’fhearúlacht nimhe sa tsochaí.

Is breá le Gemma a bheith ag tarraingt agus ag scríobh agus ag obair le páistí. Is é Caoilte Caillte sa Mhúsaem a céad leabhar.

Clúdach crua

ISBN 978-1-9160470-4-4

Rannógaí: Páistí

Clúdach an leabhair Caoilte Caillte le páistí scoile taobh amuigh de Mhúsaem stair an dúlra
Close
Go top