Exit

Inní

Cnuasach gearrscéalta ón scríbhneoir aitheanta Réaltán Ní Leannáin.

Tarraingíonn Réaltán ar a taithí féin mar mhúinteoir, mar mháthair, mar iníon agus mar ghar-iníon sna scéalta seo a thiteann amach thar réimse suíomhanna stairiúla agus comhaimseartha, le bailiúchán scéalta a chur i láthair atá mealltach agus a thugann ábhar machnaimh don léitheoir. Ó Bhéal Feirste an chéid seo caite go Baile Átha Cliath na linne seo, treoraíonn Réaltán go cumasach muid tríd chalaois, lúbaireacht agus uisce faoi thalamh. Caitheann Réaltán súil ghéar ar shaol na gcarachtair inchreidte a chuireann sí romhainn, ceistíonn sí ról na n-aicmí sa tsochaí, nochtann sí an fhimíneacht a bhíonn a cheilt i ngan fhios agus tarraingíonn sí aird ar an mhí-chothromaíocht i saol na gcarachtair shuimiúla a chuireann sí os ár gcomhair. Éiríonn léi seo a bhaint amach go réidh caolchúiseach sa chnuasach nua gearrscéalta seo.

“Cnuasach eile dea-scríofa soléite é seo ó pheann Réaltán Ní Leannáin. Faoi mar is dual di, tá guth na mban chun cinn sna scéalta seo a chíorann an mion agus an mór araon: cultúr an éignithe agus na náire, foréigean agus teannas polaitiúil, ach chomh maith leis sin, dlúithe teaghlaigh agus soineantacht na hóige. Tá bua faoi leith ag Ní Leannáin maidir le caint bheo a chur i mbéal a cuid carachtar, go háirithe páistí óga.k;lsfd”
An Dr. Caitlín Nic Íomhair

Léigh léirmheas anseo le hAonghus Ó hAlmhain

Clúdach bog

ISBN: 9781916047068

Cuir sa chiseán

Rannógaí: Daoine Fásta, Gearrscéalta

Clúdach leabhair Inní ag taispeáin duch daite ar chúlra bán
Close
Go top