Exit
Réaltán Ní Leannáin agus Caoimhe Ní Chathail sa Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag seoladh leabhair Bhláth na dTulach

Seoladh Bláth na dTulach

Míle buíochas le achan duine a bhí linn ag ócáid sheolta Bhláth na dTulach i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Fuair muid blaiseadh deas de na scéalta ó na scríbhneoirí a bhí i láthair agus deis éisteacht leis an chéad eagrán den phodchraoladh, Bláth na dTulach Buíochas le Caoimhe Ní Chathail a chuir […]

Léigh tuilleadh Like this post0
Clúdach Bláth na dTulach

Bláth na dTulach

Díolaim Ultach Beidh an leabhar úr Bláth na dTulach, bailiúchán gearrscéalta ó scríbhneoirí comhaimseartha a bhfuil baint acu le Cúige Uladh, á sheoladh gan mhoill. Tá scéalta ann ó scríbhneoirí as gach cearn de Chúige Uladh, le réimse leathan stíleanna agus ábhar, bailithe le chéile ag Réaltán Ní Leannáin. “Is fada roimhe ó tháinig a […]

Léigh tuilleadh Like this post1

Duais Eilís Dillon bronnta ar Kim Sharkey as an leabhar Mór agus Muilc

Comhghairdeas le Kim Sharkey a bhuaigh Duais Eilís Dillon ag Duaiseanna Children’s Books Ireland i mbliana. Is duais í seo a bhfuil ardmheas uirthi, a thugtar i gcuimhne ar an scríbhneoir, Eilís Dillon. Rinneadh na duaiseanna a fhógairt i searmanas beo ar líne agus is féidir é a fheiceáil anseo thíos. Is mór an onóir […]

Léigh tuilleadh Like this post0
Cover of the Irish language novel Muintir an Ghleanna

‘Muintir an Ghleanna’ – úrscéal nua le Caitlín Ní Chuireáin

Tá úrscéal nua, Muintir an Ghleanna, le Caitlín Bheití Ní Chuireáin foilsithe ag Éabhlóid agus ar fáil sna siopaí anois. Cuireann an t-úrscéal seo síos ar eachtraí agus ar imeachtaí theaghlaigh i lár an chéid seo caite in Iarthar Thír Chonaill. Insíonn sé scéal Bhríd agus a clann thar thréimhse corraitheach dá saol. Bíonn saol […]

Léigh tuilleadh Like this post0

Gáire in Éag

Leabhar úr le Seán Ó Muireagáin ar fáil. Scéalta corraitheacha suite i dtréimhse na dTrioblóidí in Éirinn. Sleamhnaigh isteach i saol fealltach an spíodóra, saol céasta an iarshaighdiúra agus saol fuarchúiseach an dúnmharfóra sna scéalta neamhbhalbha seo a saoirsíodh as inneoin bhrúidiúil an bhuailte, Béal Feirste i rith na dTrioblóidí. Ceithre ghearrscéal a thugann léargas […]

Léigh tuilleadh Like this post0

Go mBeinnse Choíche Saor: léirmheas

Go mbeinnse choíche saor Tá 15 gearrscéal nua sa chnuasach seo ón scríbhneoir, Máire Dinny Wren; scéalta atá lán de charachtair inchreidte agus eachtraí suimiúla. Is inspéise gur mná láidre iad na príomh-charachtair go léir; mná a dhéanann a ndícheall na dúshláin atá rompu a shárú in éadan constaicí agus claontaí na sochaí. Is scéalta […]

Léigh tuilleadh Like this post0
Close
Go top