Exit

Polasaí príobháideachta páistí.

Tá cosaint na bpáistí a bhaineann úsáid as an aip seo mar phríomhchuspóir ag Éabhlóid, mar atá leagtha amach sa pholasaí phríobháideachta páistí seo leanas:

Cén t-eolas a chruinníonn aip Tomhais?

Ní gá aon eolas phríobháideach a roinnt le hÉabhlóid le aip ‘Tomhais’ a shuiteáil ar do ghléas. Ní iarrann Éabhlóid ainm iomlán, sheoladh, seoladh ríomhphoist nó uimhir fóin ón úsáideoir. Is féidir leasainm nó ainm bréige a chur isteach mar ainm úsáideora. Ní roinnfidh Éabhlóid aon eolas phearsanta le haon tríú páirtí. Ní dhéanann muid taifead de, nó, ní bhaineann muid úsáid as aon eolas ó chórais suite domhanda (GPS).

An bhféadfadh le páiste a bhaineann úsáid as aip Tomhais costais úsáide shonraí móibíleacha a reáchtáil suas ar an fón i ghan fhios?

Tugann aip Tomhais deis don úsáideoir íomhá ón aip é féin a roinnt agus á uaslódáil ar na meáin shóisialta agus ar sheirbhís teachtaireachtaí ilmheán. Muna bhfuil clúdach WIFI ar fáil, comhairleofar don úsáideoir go bhféadfaí costais úsáide shonraí a bheith i gceist leis an ghníomhaíocht a chur i gcríoch.

An mbeidh fógraíocht 3ú páirtí á thaispeáint do pháistí agus iad ag baint úsáide as an aip?

Níl aon fhógraíocht taobh istigh d’aip Tomhais. Ní dhéanann agus ní dhéanfaidh an aip iarracht airgead a dhéanamh tré fhógraíocht. Cruthaíodh an aip le cuidiú ó mhaoiniú ó COGG agus tá sé ar fáil le híoslódáil saor in aisce.

An bhfuil aon ábhar ar aip Tomhais a mheastar a bheith grafach nó tarcaisneach nó mífhóirsteanach do pháistí?

Níl aon cur síos nó léiriú ar aip Tomhais d’fhoréigin nó d’ábhar ghnéasach. Tá an obair ealaíona go léir fóirsteanach do pháistí gach aois.

An gceanglaíonn aip Tomhais le haon suímh idirlín 3ú páirtí, nó le haon ghréasáin mheáin shóisialta?

Is féidir le húsáideoirí íomhá ón aip é féin a roinnt ar líonraí mheáin shóisialta faoi léith ach caithfidh cuntas a bheith ag an úsáideoir leis na seirbhísí sin ar tús.

An bhfuil teacht ag aip Tomhais ar aon ghrianghraif nó fhíseán phríobháideach ón fón?

Iarrann aip Tomhais cead ar an úsáideoir grianghraf a thógáil nó grianghraf a roghnú ó na grianghraif atá stóráilte ar an gléas chun íomhá úsáideora a chruthú. Nuair a bhéas an íomhá roghnaithe agus an úsáideoir cláraithe beith an íomhá sin le feiceáil ag úsáideoirí cláraithe eile.

Close
Go top