Polasaí príobháideachta páistí
Tá cosaint aon pháiste a bhaineann úsáid as an aip seo mar phríomhchuspóir ag Éabhlóid, mar atá leagtha amach sa pholasaí phríobháideachta páistí seo.
Cén t-eolas a chruinníonn aip Ící Pící?
Ní iarrann muid aon eolas príobháideach ón úsáideoir; mar ainm, sheoladh nó uimhir fóin.
Ní dhéanann muid taifead de, nó, ní bhaineann muid úsáid as aon eolas ó chórais suite domhanda (GPS).
An bhféadfadh le páiste a bhaineann úsáid as aip Ící Pící costais úsáide shonraí móibíleacha a reáchtáil suas ar an fón i ghan fhios?
Tugann aip Ící Pící deis don úsáideoir taifid fuaime á roinnt agus á uaslódáil ar na meáin shóisialta, ar sheirbhís teachtaireachtaí ilmheán agus ar ríomhphost. Muna bhfuil clúdach WIFI ar fáil, comhairleofar don úsáideoir go bhféadfaí costais úsáide shonraí a bheith i gceist leis an ghníomhaíocht a chur i gcríoch. Tá an gníomhaíocht seo ar chúl geafta tuismitheoirí, rud a chiallaíonn go mbeidh ar dhuine fásta an gníomhaíocht á údarú.
An mbeidh fógraíocht 3ú páirtí á thaispeáint do pháistí agus iad ag baint úsáide as an aip?
Níl aon fhógraíocht taobh istigh d’aip Ící Pící. Ní dhéanann agus ní dhéanfaidh an aip iarracht airgead a dhéanamh tré fhógraíocht. Cruthaíodh an aip le cuidiú ó mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus tá sé ar fáil le h-íoslódáil saor in aisce.
An bhfuil aon ábhar ar aip Ící Pící a mheastar a bheith grafach nó tarcaisneach nó mífhóirsteanach do pháistí?
Níl aon cur síos nó léiriú ar aip Ící Pící d’fhoréigin nó abhar ar bith de nádúr ghnéasach. Tá an obair ealaíona go léir, idir fhís agus fhuaim, fóirsteanach do pháistí gach aois.
An gceanglaíonn aip Ící Pící le haon suíomhanna idirlín 3ú páirtí, nó le haon ghréasáin mheáin shóisialta?
Is féidir le h-úsáideoirí taifid fuaime a rinne siad leis an aip a roinnt ar líonraí mheáin shóisialta faoi léith, tré sheirbhís teachtaireachtaí ilmheán agus ar ríomhphost. Mar sin féin, tá an gníomhaíocht sin ar chúl geafta tuismitheoirí. Leis an ghníomhaíocht seo a chur i bhfeidhm, caithfidh tuismitheoir nó coimeádaí an gníomhaíocht á údarú ar tús.
An bhfuil teacht ag aip Ící Pící ar aon ghrianghraif nó fhíseán phríobháideach ón fón?
Níl teacht ag aip Ící Pící ar aon ghrianghraif nó fhíseán atá stóráilte ar an ghléas fóin.