“Cloch in Áit an Charnáin” seolta ag Fionntán de Brún ag Oireachtas na Gaeilge 2025

Ilchineálach

Seoladh an leabhar Cloch in Áit an Charnáin le Pádraig Ó Tiarnaigh ag Oireachtas na Gaeilge le déanaí agus bhí slua mór i láthair ar an tseoladh. Is staidéar cuimsitheach é an leabhar ar shaol oibre Sheáin Uí Eochaidh, fear a d’oibir mar bhailitheoir béaloidis do Choimisiún Béaloidis Éireann ar feadh beagnach leathchéad bliain.

Bláithín Mhic Cana ag ceol ag seoladh an leabhair Cloch in Áit an Charnáin

Ba léiriú breá é ar an meas agus aithne atá ar an ghníomhaí pobail agus scríbhneoir, Pádraig Ó Tiarnaigh, an slua mór a bhí i láthair ag seoladh an leabhair, chomh maith le bheith ina léiriú ar ábhar a leabhair, an bailitheoir Seán Ó hEochaidh.

To top