Nellie Nic Giolla Bhríde

Ní Thuigimse Daoine Fásta

Éist le hamhrán ón dlúthdhiosca: “Éirigh suas a Mháire Bheag” á cheol ag Sorcha Ní Lorcáin agus Ailbhe Ní Ghallchóir.

Leathanach ón Leabhar Ní Thuigimse Daoine Fásta

Leabhar agus dlúthdhiosca dánta agus amhráin nuachumtha do pháistí le Nellie Nic Giolla Bhríde.

Bailiúchán dánta, rannta agus amhráin a chum Nellie Nic Giolla Bhríde. Ceol agus fuaimrian cumtha agus cóirithe ag Doimnic Mac Giolla Bhríde. Tá dlúthdhiosca isteach leis an leabhar leis na hamhráin á gceol ag páistí ó Ghaeltacht Dhún na nGall. Ealaí le Dara McGee agus dearadh le Sinéad Ní Chadhain.

Is áis mhaith do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí an leabhar seo atá lán le hábhar úr le daoine óga a spreagadh, idir ramáis agus rímeanna a dtig leo a fhoghlaim agus a rá ag comórtais filíochta agus feiseanna, nó a bhéas mar phíosaí cuideachta do theaghlach óg.

Meáchan.313 kg
Toisí255 × 7 × 210 mm
ISBN

Lch

Éiríonn le Nellie Nic Giolla Bhríde páistí a mhealladh i dtreo na Gaeilge lena leabhar Ní Thuigimse Daoine Fásta. Beidh seans iontach ag páistí bunscoile éisteacht le canúint fhileata cheolmhar Uladh....is áis iontach é an dlúthdhiosca mar cuireann sé ar chumas an mhúinteora feidhm a bhaint as na dánta/rannta i ranganna eile seachas an Ghaeilge.