éabhlóid

Lonnaithe i nGaeltacht Thír Chonaill, foilsíonn muid leabharthaí Gaeilge ar ardchaighdeán do gach aoisghrúpa. Le scríbhneoirí Gaeilge den chéad scoth, gheobhaidh tú cnuasaigh gearrscéalta agus filíochta, úrscéalta, béaloideas, dánta agus ceol agus a lán eile ar ár leabharliosta. Cuirtear gach leabhar le chéile chomh snasta agus is féidir, iad maisithe ag sár-ealaíontóirí, le saibhreas teanga agus litríochta ar fáil idir na leathanaigh.

Féach na leabhair
buaiteoir
eagrán úr

Caidé a deirtear fúinn…

..Tá an podchraoladh, an léamh agus an plé, ar fheabhas mar smaoineamh. D'éist mé cúpla uair leis an chéad cheann ar Spotify. Thaitin sé liom go raibh an plé ionraic fosta...

Bláth na dTulach @SeanMorOD

..Má amharcann muid ar caidé atá ag tarlú i nDún na nGall, tá comhlacht úr foilsitheoireachta ansin darbh ainm Éabhlóid atá ag foilsiú leabhair iontacha ar chaighdeán atá dochreidte ard…

Éabhlóid Jim McCloskey ar RTÉ Raidió 1

Is mór an t-ardú croí é ceann ar bith de na scéalta iontacha seo a léamh. Tá saibhreas na scéalaíochta traidisiúnta le fáil ar achan leathanach den leabhar. Tá draíocht le fáil sna scéalta seo uilig agus tá draíocht eile ina n-insint ag máistir na scéalaíochta as Rann na Feirste. Tá féasta scéalaíocht sa leabhar seo a osclóidh saol eile amach roimh an léitheoir...

Imram agus scéalta eile Cathal Póirtéir, Imram
To top